Ocht mbliana príosúin atá gearrtha ar fhear as bean a éigniú le buidéal i mbothán gáirdín cúig bhliana ó shin.
Naoi mbliana ar fad a gearradh ar Jonathan Moran, 26 bhliana d'aois, as Tower View, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí, ach cuireadh an bhliain dheireanach ar fionraí.
Shéan Johnathan Moran na cúisimh ach fuair giúiré ciontach in éigniú Bláthnaid Raleigh.
Chuir Bláthnaid Raleigh go leataobh an ceart a bhí aici fanacht anaithnid, le go bhféadfaí Moran a aimniú sa tuairisciú ar an gcás.
Coir mhillteanach agus gan chiall a thug an Breitheamh Tony Hunt air, agus dúirt nach raibh sé inghlactha an chaoi ar caitheadh le Bláthnaid Raleigh.
Bhí sí ag freastal ar Fhéile Ealaíon na Gaillimhe le cara léi an 21 Iúil 2019 nuair a bhuail siad gan choinne le Moran agus daoine eile as a mbaile dúchais.
Tharla an t-éigniú nuair a chuaigh roinnt acu ar ais le Moran chuig teach a bhí ar cíos aige agus ag cairde leis an deireadh seachtaine sin.
Dúirt Jonathan Moran gur gnéas comhthoiliúil a tharla an oíche sin agus shéan gur úsáid sé aon uirlis le hionsaí a dhéanamh ar Bláthnaid Raleigh.
Ach thaispeáin scrúdú dlíeolaíoch ar an mbothán go raibh DNA ar thrí bhuidéal a fuarthas ann.
Bhain gortú mór don bhean agus theastaigh cóir leighis a mhair roinnt míonna ón aonad ionsaithe gnéis.
Ina ráiteas tionchair íospartaigh, a léigh sí ag suí eile cúirte, dúirt Bláthaid Raleigh le Moran go raibh sí 'ag cur an náire ar ais air'.
Bhi a saol 'scriosta go hiomlán' a dúirt sí, agus dúirt gur bhean óg 21 bhliain í roimh an ionsaí a bhi réchúiseach agus gealgháireach agus a bhí ag déanamh a bealach tríd an mbliain dheireanach dá céim.
Cuireadh cóir leighis a bhí 'leanúnach agus ionrach' uirthi ar feadh roinnt míonna agus bíonn pian uirthi i gcónaí ó ionsaí na hoíche sin, a dúirt sí.
Dúirt sí freisin go mbíonn oicheanta gan áireamh nuair a bhíonn tromluí glinn uirthi agus athchuimhní ó oíche na hionsaí á crá.
Shéan Jonathan Moran na cúisimh tríd an triail ar fad. Níor ciontaíodh riamh roimhe sin in aon choir, agus níor tharraing sé aird na nGardaí air féin roimh an ionsaí.
Cuireadh an bhliain dheireanach den teárma naoi mbliana ar fionraí.