Tá cuireadh eisithe ag an gCúirt Oibreachais d'Aer Lingus agus dá phíolótaí teacht chun cainteanna Dé Luain féachaint le réiteach a fháil ar an aigneas pá.
Tá fáilte curtha ag Aer Lingus roimh an gcuireadh agus dhearbhaigh go mbeidh ionadaithe ón gcomhlacht ann.
Bhí cruinnithe ar leith ag an dá thaobh leis an gCúirt Dé Máirt, ach ní raibh an chúirt in ann teacht i gcabhair orthu ag an bpointe sin.
Ach dúirt an chúirt go mbeadh athbhreithniú ann mí Iúil, mí a thosaíonn Dé Luain.
D'iarr an chúirt nach ndéanfaí aon ghéarú ar an aighneas.
Idir an dá linn, deir an Tánaiste gur cheart don dá thaobh dul isteach i seomra le chéile agus gan é a fhágáil go mbeidh réiteach aontaithe acu.
Tá alltacht air, a dúirt Micheál Martin, ag an tionchar atá ag an aighneas ar an ngeilleagar agus ar an aimhréidh atá sé a chur ar phleananna taistil phaisinéirí.
Chomh maith le saoire le páistí, bíonn údar níos práinní ag daoine dul ag taisteal, a dúirt an Tánaiste.
Tá 122 eitilt eile curth ar ceal ag Aer Lingus an tseachtain seo chugainn de bharr an aighnis san aerlíne, diir an 3 agus an 7 Iúíl. Tagann seo sna sála ar 270 eitilt ón gCéadaoin seo caite go dtí an 2 Iúíl a cuireadh ar ceal ag tús na seachtaine.
Deir an aerlíne go raibh an cinneadh seo déanta leis an oiread seirbhísí is féídir a chosaint.
Chomh maith leis an oibriú de réir rialach, beidh stailc 8 n-uaire ann amárach ó 0500 go dtí 1300.
Agus tá cumann na bpíolótaí, IALPA, ag lorg cead óna cheardchumann Fórsa cead stailc eile níos faide a dhéanamh.
Tá ardú pá 24% á lorg ag píolótaí a deir nach bhfuair sé ardú pá ar bith ó 2019 agus go bhfuil an t-éileamh ag teacht leis an mboilsciú san achar sin.
Deir an aerlíne go gcaithfí athruithe i gcleachtais oibre, tairgiúlacht agus i solúbthacht bheith ceangailte den ardú, ó nach bhfuair fostaithe eile ach ardú 12.25%.