Tá an múinteoir Enoch Burke scaoile saor ó phríosún ag an Ardchúirt.
D'ordaigh an Breitheamh Mark Sanfey go saorfaí é tar éis bheith i bpríosún ó Mheán Fómhair seo caite de bharr gur dhiúltaigh sé fanacht glan ar scoil Wilson's Hospital i gCo. na hIarmhí.
Dúirt an Breitheamh go raibh sé á ordú seo tar éis dó an cás a athbhreithniú agus ó tharla go bhfuil an scoil ar saoire tar éis na scrúduithe stáit bheith curtha i gcrích.
Níor chuir an chúirt ar Enoch Burke inniu an díspeagadh cúirte a ghlanadh ná cloí le téarmaí an ordú a rinneadh ina choinne anuraidh.
Dheonaigh an Breitheamh Alexander Owens urghaire seasta do Wilson's Hospitial ag cur ar Burke fanacht glan ar an scoil..
Ach cuireadh priosún ar Enoch Burke don dara uair Mí Mheán Fómhair nuair a dhiúltaigh sé cloí leis an ordú sin.
San iomlán, tá os cionn 400 lá caite ag Burke sa phríosún
Bhí súíl ag an an mBreitheamh Sanfey, a dúirt sé, go dtapódh an múinteoir an deis le macnamh ar a chás ach chuir fainic air go bhfuil an t-urghaire fós i bfheidhm.
Dá mbeadh sárú eile ar an ordú, dúirt an breitheamh nach mbeadh leisce air breathhú ar iarratas úrnua ón scoil ar Enoch Burke a chur ar ais i bpríosún.
Tar éis ordú an lae inniu, d'fhág Enoch Burke na Ceithre Chúirteanna le baill dá theaghlach.
Chuala an Breitheamh Sanfey aighneachtaí ó Enoch Burke agus ó Wilson's Hospital School faoi dhlínse bheith ag an Ardchúirt plé le hiarratas ó Enoch Burke beithiúnas an Bhreitheamh Owens a chur ar neamhní.
Deir Burke gur breithniúnas é seo atá thar a bheith lochtach agus míbhunreachtúíl.
Deir an scoil go bhfuil Enoch Burke ag déanamh achomharc 'tríd an doras cúíl'.
Dúírt an Breitheamh Sanfey go ndéanfadh sé a chinneadh i gceann roinnt seachtaine.
Baineann an t-aighneas idir Enoch Burke agus Wilson's Hospital School le treoir a tugadh do mhúinteoirí na scoile forainmneacha áirithe a úsáid agus iad ag tagairt do dhalta trasinscneach.