skip to main content

Bás mná scothaosta i gCeatharlach tar éis eachtra i gcarrchlós

Tá fiosrúchán ar bun i mbaile Cheatharlach tar éis bhás mná i gcarrchlós ar an mbaile inné.

Bhásaigh an bhean, a bhí ina coisí, tar éis eachtra a bhain le veain sa charrchlós ar Shráid an Choláiste ar an mbaile.

Tugadh an bhean chuig Ospidéal Lúcáis i gCill Chainnigh agus í gorthaith go dona, agus bhásaigh tamall gearr ina dhiaidh sin.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh.

Níor gortaíodh tiománaí an veain san eachtra.

Ba mhaith le Garaí iarraidh ar aon fhinné leis an eachtra, go háirithe tiománaithe a bhfuil físeáin acu ón am agus a bhí i gceantar Plás na Toirbirte idir 4.15 agus 445 pm inné dul i dteagmháil leo.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leo i stáisiún Garda Cheatharlach ar 059 913 6620, nó ar líne rúnda an Ghara ar 1800 666 111, nó ar uimhir aon stáisiún Garda.

Fágann an bás seo gur 93 duine atá tar éis bháis anois ar bhóithre an Stáit go dtí seo i mbliana