Tá fear gafa ag na Gardaí lena cheistiú faoi bhás fhear tar éis ionsaí amhrasta i gCo. Chiarraí go luath ar maidin.
Padraig 'Paudie' O'Connor, 42 bliain d'aois é an fear a bhásaigh, agus b'as Scairteach an Ghlinne ó dhuchas é.
Cuireadh fiosrúchán ar bun tar éis fios bheith curtha ar na seirbhísí éigeandála chuig láthair ina raibh fear ina chuid daicheadaí faighte agus é gan aithne gan urlabhra taobh amuigh de theach in An Caisleán Mór in Oileán Chiarraí go gairid tar éis mheánoíche.
Fógraíodh marbh é ar an láthair níos deireanaí.
Tá a chorp fós ar an láthair agus tá fios curtha ar Phaiteolaí an Stáit.
Tá fear eile ina chuid daicheadaí á cheistiú ag stáisiún Garda sa chontae faoin eachtra, agus tuigtear go raibh aithne aige ar Padraig O'Connor.
Tá scrúdú dlíeolaíoch ar bun ar an láthair, agus ba mhaith le Gardaí go ngabhfadh aon duine a bhfuil eolas acu i dteagmháil leo i dTrá Lí ar 066 7102300, nó trí líne rúnda an Gharda 1800 666 111, nó trí aon stáisiún Garda.