Ní raibh aon rath ar na comhráite a bhí idir an bhainistíocht agus na píolótaí in Aer Lingus inniu maidir leis an aighneas tionsclaíoch san aerlíne.
Tháinig an dá thaobh le chéile in óstán i mBaile Átha Cliath ar maidin le súil teacht ar chomhréiteach ach scoir an cruinniú tráthnóna nuair ba léir nach raibh aon dul chun cinn á dhéanamh ann.
Ar fhágáil an óstáin dó, dúirt uachtarán Chumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann Mark Tighe go dtiocfadh coiste feidhmiúcháin an cheardchumainn le chéile gan mhoill leis an gcor is deireanaí seo sa scéal a phlé.
Thug sé le fios freisin go mb'fhéidir go rachadh na píolótaí ar stailc iomlán ó bhí cos curtha i bhfeac ag an mbainistíocht.
Mhaígh Mark Tighe gur thairg na píolótaí an t-ardú pá 23.8% atá siad a éileamh a ísilú ach nár leor sin don bhainistíocht.
In ainneoin na tairisceana sin, a dúirt sé, chloígh an bhainistíocht lena n-éileamh siúd nár mhór do na píolótai glacadh le hathruithe ar a gcleachtais oibre mar chúiteamh ar aon ardú pá os cionn 12.25%.
Ar an taobh eile, dhearbhaigh Príomhoifigeach Gnóthaí Corparáideacha Aer Lingus, Donal Moriarty, gur dris chosáin a bhí i gceist na gcleachtas oibre.
Thug sé le fios go ndearna an bhainistíocht iarracht tárgiúlacht, uainchláir níos scaoilte agus nua-aoisiú chleachtais oibre na bpíolótaíaí a chur os comhair an chruinnithe ach go ndúirt ionadaithe an cheardchumain leo nach raibh sainordú acu ó na baill na ceisteanna sin a phlé.
Dúirt Donal Moriarty gur iarr an bhainistíocht ar an gceardchumann dul i gcomhairle na mball arís agus an sainordú ábhartha a fháil uathu.
Dealraíonn sé ó na ráitis sin ar fad go leanfaidh na píolótaí orthu ag oibriú de réir rialach agus nach mbeidh aon réiteach ar an aighneas go ceann scaithimh eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ