skip to main content

Tuarascáil faoi chiontaigh áirithe in Óglaigh na hÉireann faighte ag an Tánaiste

Tuarascáil faighte ag an Aire Cosanta Micheál Martin ó Óglaigh na hÉireann
Tuarascáil faighte ag an Aire Cosanta Micheál Martin ó Óglaigh na hÉireann

Tá tuarascáil faighte ag an Aire Cosanta, an Tánaiste Micheál Martin, ó Óglaigh na hÉireann ina dtugtar cuntas ar an líon comhaltaí gníomhacha a ciontaíodh i bhforéigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe.

D'iarr Micheál Martin an tuarascáil i bhfianaise chás an tSaighdiúra Shingil Cathal Crotty a phléadáil ciontach in ionsaí brúidiúil a dhéanamh ar bhean i Luimneach in 2022 agus ar gearradh téarma príosúin ar fionraí air an tseachtain seo caite.

Tá sé ráite ag an mbean a hionsaíodh, Natasha O'Brien – agus ag a lán daoine eile – gur mhór an náire téarma fionraíochta a ghearradh ar dhuine faoi chion chomh tromchúiseach.

Ghlac na mílte duine páirt i slógaí i Luimneach, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite le tacú le Natasha O'Brien.

Tá cás smachtaithe i leith Chathail Crotty bunaithe ag Óglaigh na hÉireann agus ceaptar go dtabharfar breithiúnas sa chás an tseachtain seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ