Maraíodh beirt bhuachaillí sna déaga nuair a bhuail an scútar leictreach a raibh siad ag marcaíocht air in aghaidh bus i gcathair Phort Láirge go moch ar maidin inniu.
Cúig bliana déag agus seacht mbliana déag a bhí an bheirt.
Tharla an tubaiste ar bhóthar an R680 – Bóthar Chorcaí – ag thart ar 1.10 ar maidin.
Bhásaigh an buachaill cúig bliana déag ar láthair na tionóisce agus tugadh an buachaill eile go dtí Ospidéal Ollscoile Phort Láirge, áit ar bhásaigh sé tráthnóna inniu.
Ní raibh ar an mbus ag an am ach an tiománaí agus deir na Gardaí nár gortaíodh é.
Tá an stráice den bhóthar idir Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt agus an Cuarbhóthar dúnta agus láthair na timpiste á scrúdú ag saineolaithe na nGardaí.
Tá na Gardaí ag achainí ar aon duine a chonaic ar tharla nó a mbeadh aon eolas ábhartha eile acu teacht chun cainte leo, go háirithe tiománaithe a bhféadfadh íomhánna ó cheamara deaise a bheith acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ