skip to main content

Ardú 'suntasach' ar an líon cásanna Covid-19 sa Stát

Figiúirí nua Covid-19 bunaithe ar thorthaí tástálacha a mhol dochtúirí do dhaoine a dhéanamh
Figiúirí nua Covid-19 bunaithe ar thorthaí tástálacha a mhol dochtúirí do dhaoine a dhéanamh

Bhí ardú suntasach ar an líon cásanna Covid-19 sa Stát an tseachtain seo caite, a deir an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte.

Taifeadadh 1,049 cás den ghalar idir an dá Shatharn 15-22 Meitheamh, le hais 650 cás idir an dá Shatharn roimhe sin. Sin ardú 60% in imeacht seachtaine.

Ina cheann sin, cuireadh 486 duine in ospidéil i gcaitheamh na seachtaine is deireanaí, ar ardú 56% é sin ón tseachtain roimhe.

Níor cuireadh aon duine in aonad dianchúraim ach bhásaigh triúr a raibh an galar orthu.

Idir ospidéil, ionaid altranais agus ionaid eile sláinte, bhí 62 ráig ann, i gcomórtas le 48 an tseachtain roimhe sin.

Thug an Lárionad Faire le fios nach bhfuil sna figiúirí Covid atá curtha ar fáil acu ach meastachán atá bunaithe cuid mhaith ar thorthaí tástálacha a mhol dochtúirí teaghlaigh do dhaoine a dhéanamh.

Is é an t-athraitheach JN.1 an ceann is coitianta sa tír faoi láthair agus tá athraitheach eile dá ngairtear KP.3 ag scaipeadh freisin.

Deirtear nach bhfuil ceachtar den dá athraitheach sin an-chontúirteach.

Nuacht agus Cúrsai Reatha RTÉ