skip to main content

Bainistíocht agus píolótaí Aer Lingus i mbun comhráite

Deasc Aer Lingus i gCríochfort 2 in Aerfort Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu
Deasc Aer Lingus i gCríochfort 2 in Aerfort Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu

Tá an bhainistíocht agus na píolótaí in Aer Lingus i mbun comhráite in óstán i mBaile Átha Cliath ó mhaidin le súil an t-aighneas tionsclaíoch san aerlíne a réiteach.

Thosaigh na píolótaí ag oibriú de réir rialach inné agus tá sé i gceist acu dul ar stailc ar feadh ocht n-uaire an chloig idir 5 a chlog ar maidin agus 1 a chlog am lóin an Satharn beag seo.

Tá 270 eitilt curtha ar ceal ag Aer Lingus mar gheall ar ghníomhaíocht thionsclaíoch na bpíolótaí agus tá na mílte paisinéir thíos leis.

Ní dhearnadh aon dul cinn i gcainteanna a bhí ag an dá thaobh le hidirghabhálaithe sa Chúirt Oibreachais arú inné ach tráthnóna inné thug siad le fios go raibh siad le labhairt béal ar bhéal le chéile inniu.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris gur dea-scéala a bhí ann go raibh an dá thaobh tagtha le chéile inniu agus d'iarr sé orthu tabhairt faoi na comhchainteanna le dea-rún.

Tá Sinn Féin ag éileamh ar an Rialtas idirghabháil a dhéanamh san aighneas ar cúrsaí pá is cionsiocair leis.

Creideann na píolótaí go ndlíonn siad ardú pá 23.8% ach deir bainistíocht Aer Lingus nach bhfuil an comhlacht in acmhainn a thabhairt dóibh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ