Tá Garda atá cúisithe i mbeatha a chur i mbaol le cur ar a thriail os comhair breithimh agus giúiré sa Chúirt Chuarda.
Baineann an cás le tubaiste bóthair i mBaile Átha Cliath trí bliana ó shin inar maraíodh triúr fear.
Maraíodh Dean Maguire, 29 bliain, Karl Freeman, 26 bliain, agus Graham Taylor, 31 bliain – ar choirpigh aitheanta iad – nuair a bhuail an gluaisteán BMW ina raibh siad agus leoraí in éadan a chéile ar bhóthar an N7 in iardheisceart Bhaile Átha Cliath ar an 7 Iúil 2021.
Bhí siad ag teitheadh ó na Gardaí ag an am agus bhí an gluaisteán ar an taobh mícheart den bhóthar.
Tar éis do Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána an tubaiste a fhiosrú, mhol an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an dlí a chur ar an nGarda John Francis Ryan atá bunaithe i Stáisiún Gardaí Thamhlacht.
Líomhnaítear gur thiomáin an Garda Ryan go meargánta ar an taobh mícheart den bhóthar idir Ráth Cúil agus Iarthar na Cathrach agus gur chuir sé daoine i mbaol dá bharr.
Níl cead ag na meáin chumarsáide seoladh baile an Gharda Ryan a fhoilsiú.
Cuireadh tús le coiste cróinéara faoi bhás an triúr fear ach cuireadh ar fionraí é fad is a bhíothas ag breathnú ar an gcás in aghaidh an Gharda Ryan.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ