Fógraíodh inniu gur i gCo Chiarraí an Satharn beag seo a adhlacfar an craoltóir cáiliúil Mícheál Ó Muircheartaigh a fuair bás inné.
Luífidh corp Mhíchíl i dTeach Tórraimh Uí Chonchúir i nDaingean Uí Chúis idir 11 a chlog ar maidin agus 8 a chlog tráthnóna ar an Aoine agus beidh Aifreann na sochraide ar siúl i Séipéal Naomh Muire ar an mbaile ag 11 a chlog maidin lá arna mhárach.
Adhlacfar Mícheál Ó Muircheartaigh i ndiaidh an Aifrinn i Reilig Bhaile an Mhuilinn i nDaingean Uí Chúis.
Bhásaigh Mícheál in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath ar maidin inné in aois a thrí bliana déag agus ceithre scór.
Maireann a bhean chéile, Helena, a ochtar clainne agus beirt deirfiúracha leis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ