Bhí méadú 18% ar an líon cionta carrfhuadaigh, dúmháil, robála agus sracaireachta le chéile sa Stát le bliain, de réir figiúirí nua a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu.
Baineann na figiúirí nua leis an dá mhí dhéag idir Márta 2023 agus Márta 2024 i gcomparáid leis an dá mhí dhéag roimhe sin.
Mhéadaigh gadaíocht ó dhaoine agus ó shiopaí chomh maith, agus goideadh níos mó carranna freisin.
Bhí méadú 10% ar chionta gunnaí agus pléascán, chomh maith le méadú 11% ar dhó mailíseach.
Siúd is go raibh laghdú ar an líon cionta a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil, bhí méadú ar thiomáint faoi thionchar drugaí.
Bhí méadú os cionn 30% ar an líon cásanna de thiomáint chontúirteach arbh é bás duine a thoradh.
Taifeadadh 11,400 cion caolaoise, sin méadú 9%.
Os a choinne sin ar fad, bhí laghdú 8% ar dhúnmharuithe agus laghdú 12% ar chionta gnéasacha.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ