Dúirt an ceardchumann SIPTU in RTÉ go raibh alltacht agus iontas ar na baill faoi ghnéithe áirithe den mhórphlean cúig bliana a d'fhógair Príomh-Stiúrthóir na heagraíochta Kevin Bakhurst inné.
Thug an Príomh-Stiúrthóir le fios go raibh sé i gceist an líon daoine atá ag obair in RTE a laghdú thart ar 20% agus dhá mhórchlár teilifíse a léiriú ar láithreáin eile seachas i gceanncheathrú na heagraíochta i nDomhnach Broc.
Idir daoine a ligean ar iomarcaíocht agus gan daoine a earcú i rannóga áirithe a laghdófar an líon oibrithe, de réir an phlean.
Cuirfear an Late Late Show agus Fair City amach ar conradh agus is comhlachtaí neamhspleácha a bheas á léiriú.
Mhaígh Martin Mannion ó SIPTU, áfach, nach le súil RTÉ a fheabhsú a rinneadh an plean agus gur chóra a rá, dar leis, gur ag iarraidh an eagraíocht a phríobháidiú atáthar.
D'iarr sé ar bhainistíocht RTÉ a bheith níos oscailte agus an fhírinne a insint faoina bhfuil ar intinn acu.
Cuir i gcás, níl sé fíor a rá, arsa Martin Mannion, nach mbeidh ann ach go léireofar an Late Late Show agus Fair City in áit éigin eile.
Beidh i bhfad níos mó i gceist, a dúirt sé, agus tá imní ar dhaoine go n-athródh a gcoinníollacha oibre chun donais má chaithfidh siad obair do chomhlachtaí príobháideacha.
Dúirt Séamus Dooley ó cheardchumann na n-iriseoirí, an NUJ, go raibh imní air siúd, ar an gcéad léamh, faoinar fhógair Kevin Bakhurst inné.
Tá an baol ann, a mhaígh sé, gur "foilsitheoir" a bheadh in RTÉ feasta, fearacht Channel 4 sa Bhreatain. Ní múnla cuí é sin, dar leis.
Mar le cúrsaí Gaeilge, deirtear sa phlean "[a]s seo go deireadh na bliana 2024 beimid páirteach san Athbhreithniú Cuimsitheach ar Sholáthar Seirbhísí Gaeilge i gcomhréir le moladh an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus ag an am céanna, forbróimid tionscnaimh fhéideartha chun freagairt go pras dá mholtaí".
An bhliain seo chugainn, a deirtear, tá sé i gceist "Straitéis Ghaeilge RTÉ a athnuachan mar fhreagra ar an Athbhreithniú Cuimsitheach ag cinntiú cláir shuntasacha Ghaeilge agus dhátheangacha Béarla-Gaeilge".
Tá éiginnteacht ag baint leis an bplean, ámh, ó tá an Rialtas fós ag déanamh a marana ar mhúnla nua maoinithe do RTÉ.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ