skip to main content

Comhráite amárach faoin aighneas tionsclaíoch in Aer Lingus

270 eitilt curtha ar ceal ag Aer Lingus
270 eitilt curtha ar ceal ag Aer Lingus

Tá sé dearbhaithe ag Cumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann go bhfuil glactha acu le cuireadh úr ó bhainistíocht Aer Lingus teacht i mbun i gcomhráite leo amárach maidir leis an aighneas atá eatarthu faoi chúrsaí pá.

Níos luaithe inniu, dúírt an ceardchumann gur "bearta a bhí déanta ag an mbainistíocht" in Aer Lingus agus "saint chorparáideach" ba chionsiocair leis an ngníomhaíocht thionsclaíoch atá ar bun acu ón meán oíche aréir.

Ag labhairt dó ar RTÉ ar maidin inniu, mhaígh uachtarán Chumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann Mark Tighe gur thug an bhainisíocht ardú pá 66% dóibh féin agus gur mí-ionraic an mhaise dóibh ina fhianaise sin an t-ardú pá 23.8% atá na píolótaí a éileamh a dhiúltú.

Tá na píolótaí ag oibriú de réir rialach ó inniu agus thug Mark Tighe le fios nach raibh stailc iomlán curtha as an áireamh acu.

Mar atá cúrsaíl faoi láthair, níl na píolótaí sásta aon ragobair a dhéanamh agus ní thabharfaidh siad faoi aon obair eile a iarrfar orthu a dhéanamh taobh amuigh dá n-uaireanta oibre oifigiúla.

Ní oibreodh siad ach de réir na n-uainchlár atá foilsithe cheana féin agus ní ghlacfaidh siad le haon leasú ar na huainchláir sin.

Lena chois sin, ní logálfaidh siad isteach i gcóras ríomhaireachta Aer Lingus agus ní fhreagróidh siad an fón taobh amuigh dá n-uaireanta oibre oifigiúla.

Mark Tighe ag dul isteach sa Chúirt Oibreachais inné

Mhaígh Mark Tighe go raibh foireann chábáin Aer Lingus ag tacú leis na píolótaí mar gur léir dóibhsean chomh maith, dar leis, go raibh an t-éileamh pá "réasúnta".

Tá 270 eitilt curtha ar ceal ag Aer Lingus go dtí seo mar gheall ar ghníomaíocht thionsclaíoch na bpíolótaí agus chuir Mark Tighe i leith na bainistíochta nach raibh acmhainní an chomhlachta á mbainistiú acu mar ba cheart. Is ait an scéal é, arsa sé, go bhféadfadh "roinnt píolótaí" cur isteach an oiread sin ar sheirbhísí na haerlíne.

Ghlac an bhainistíocht agus an ceardchumann páirt i gcainteanna sa Chúirt Oibreachais inné le dúil phatuar an t-aighneas a réiteach.

Níorbh údar iontais é, áfach, go ndúirt na hidirghabhálaithe i ndiaidh na gcainteanna nach bhféadfaidís aon ghar a dhéanamh do cheachtar den dá thabh i láthair na huaire.

Ar a shon sin, thug na hidirghabhálaithe le fios go mbreathnóidís ar an scéal an athuair an mhí seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ