D'iarr an Taoiseach Simon Harris ar bhainistíocht Aer Lingus agus ar Chumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann sáriarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach sna cainteanna a bheas ar siúl sa Chúirt Oibreachais inniu maidir leis an aighneas tionsclaíoch san aerlíne.
De rogha ar chomhráite, áfach, tá na hionadaithe le cruinnithe ar leith a bheith acu astu féin le hidirghabhálaithe na Cúirte Oibreachais.
Agus é ag tathant ar an dá thaobh a seacht ndicheall a dhéanamh teacht as an tsáinn, mhaígh an Taoiseach gur beag bá a bheadh ag an bpobal le haon dream a bheadh freagrach as paisinéirí a fhágáil ar an trá fholamh an samhradh seo.
Thug sé le fios freisin go gcuirfeadh an t-aighneas isteach go mór ar an earnáil turasóireachta trí chéile sa tír seo.
Cúrsaí pá is siocair leis an aighneas. Creideann na píolótaí go bhfuil ardú pá 23.8% ag dul dóibh ach deir bainistíocht Aer Lingus nach bhfuil an comhlacht in acmhainn a thabhairt dóibh.
Tá cruóg leis na cainteanna sa Chúirt Oibreachais inniu arae tá na píolótaí le tús a chur le gnníomhaíocht thionsclaíoch amárach.
Mura dtiocfar ar réiteach éigin inniu, tosóidh na píolótaí ag oibriú de réir rialach ar maidin amárach agus tá 220 eitilt ar a laghad curtha ar ceal ag Aer Lingus idir sin agus an Domhnach seo chugainn dá dheasca.
Ina cheann sin, tá na píolótaí le dul ar stailc ar feadh ocht n-uaire an chloig idir 5 a chlog ar maidin agus 1 a chlog am lóin an Satharn beag seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ