skip to main content

An t-iriseoir aitheanta Tommie Gorman tar éis bháis

Tommie Gorman
Tommie Gorman

Tá an t-iriseoir cáiliúil Tommie Gorman tar éis bháis. Bhí sé 68 bliain d'aois.

Chaith Tommie Gorman breis agus 40 bliain ag obair do RTÉ agus chuir an pobal aithne mhaith air mur gheall ar a chuid oibre, go háirithe sa Bhruiséil agus i mBéal Feirste.

Fuair sé amach den chéad uair 30 bliain ó shin go raibh ailse air agus is iomaí ní a rinne sé ó shin le aird a tharraingt ar an ngalar.

Ba é Eagraí an Tuaiscirt é do RTÉ nuair a d'éirigh sé as a dhualgais oibre in 2021.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ