skip to main content

Breitheamh a cáineadh le dul amach ar pinsean arú amárach

An Saighdiúir Singil Cathal Crotty
An Saighdiúir Singil Cathal Crotty

Tá an breitheamh a ghearr trí bliana príosúin ar fionraí ar an Saighdiúir Singil Cathal Crotty an tseachtain seo caite le dul amach ar pinsean arú amárach.

D'fhógair an Breitheamh Tom O'Donnell roinnt seachtainí ó shin go raibh sé le dul ar scor an tseachtain seo tar éis dó beagnach leathchéad bliain a chaitheamh mar aturnae agus mar bhreitheamh sa Chúirt Dúiche sa Chúirt Chuarda i Luimneach.

Níl aon bhaint ag a chinneadh éirí as a phost leis an gconspóid a tharraing a chinneadh gan Cathal Crotty a chur i bpríosún in ainneoin gur phléadáil an saighdiúir ciontach in ionsaí brúidiúil a dhéanamh ar bhean a fágadh gan aithne gan urlabhra dá bharr.

Dúirt an Breitheamh O'Donnell go raibh an t-ionsaí uafásach agus fíochmhar agus gur gníomh meata gan chúis gan ábhar a bhí ann ach dúirt gur chuir sé san áireamh gur phléadáil Cathal Crotty ciontach, nach raibh aon chion déanta aige roimhe agus gur dhóichí go mbrisfí as Óglaigh na hÉireann é dá gcuiríf i bpríosún é.

Dúirt an bhean a hionsaíodh, Natasha O'Brien, ámh, gur mhór an náire téarma fionraíochta a ghearradh ar an saighdiúir i bhfianaise ar fhulaing sí féin mar gheall air.

Natasha O'Brien

Tá an téarma fionraíochta cáinte freisin ag polaiteoirí, ag ceannairí sibhialta agus ag eagraíochtaí a thacaíonn le mná a ndearnadh foréigean orthu.

Ghlac na mílte duine páirt i slógaí i Luimneach, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath arú inné le tacú le Natasha O'Brien.

Tá sé deimhnithe ag Óglaigh na hÉireann go bhfuil Cathal Crotty le dul os comhair choiste smachtaithe i bhfianaise a chiontaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ