skip to main content

Leatrom ar mhná in Óglaigh na hÉireann: tús le fiosrúchán reachtúil

Cathaoirleach an Bhinse Fiosrúcháin an Breitheamh Ann Power
Cathaoirleach an Bhinse Fiosrúcháin an Breitheamh Ann Power

Tá tús le cur tráthnóna inniu le Binse Fiosrúcháin faoin gcóras gearán atá in Óglaigh na hÉireann maidir le bulaíocht, leatrom agus foréigean gnéasach a líomhnaítear a rinneadh ar chomhaltaí ban.

Moladh in athbhreithniú neamhspleách a foilsíodh i mí an Mhárta anuraidh fiosrúchán reachtúil iomlán a bhunú faoin gceist agus gheall an Rialtas ag an am go gcuirfí i bhfeidhm gach uile cheann de na moltaí a bhí san athbhreithniú.

I mí Eanáir seo caite. d'fhoilsigh an tAire Cosanta, an Tánaiste Micheál Martin, téarmaí tagartha an Bhinse Fiosrucháin agus cheap sé an Breitheamh Ann Power mar chathaoirleach.

Déardaoin seo caite a shínigh sé an ionstraim reachtúil ábhartha le feidhm a thabhairt don Bhinse Fiosrúcháin.

Dúirt grúpa ionadaíochta na n-óglach ban a d'fhulaing, Women of Honour, go raibh siad an-sásta gur bunaíodh an fiosrúchán reachtúil.

Gheall Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, go gcomhoibreodh ceannasaíocht na nÓglach leis an mBinse Fiosrúcháin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ