skip to main content

Fear os comhair cúirte faoi thurasóir as Ceanada a ionsaí

Madalin Ghiuzan
Madalin Ghiuzan

Tugadh fear 23 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu agus é cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar thurasóir fir as Ceanada i lár na cathrach go moch ar maidin inné.

Tá Madalin Ghiuzan, as Paráid Chnoc an tSamhraidh, Baile Átha Cliath 1, cúisithe sa turasóir a ionsaí agus i ndíobháil a dhéanamh dó ar Shráid Chathail Brugha agus ina dhiaidh sin arís ar Shráid Uí Chonaill.

Tá an fear a hionsaíodh sna daichidí agus dúradh sa chúirt gur fágadh é gan mheabhair gan arann de bhíthin an ionsaithe.

Dúradh go bhfuil sé go dona tinn in Ospidéal an Mater faoi láthair.

Thug Garda Síochána le fios sa chúirt go mb'fhéidir go gcúiseofaí Madalin Ghiuzan i gcion níos tromchúisí amach anseo.

Dúirt an Garda gur de bhunadh na Rómáine an cúisí agus nach raibh aon cheangal air in Éirinn i ndáiríre, cé go raibh sé ina chónaí anseo le cúig bliana.

Ghlac an Breitheamh Paul Kelly le hiarratas an Gharda Madalin Ghiuzan a chur siar faoi choinneáil.

Tabharfar os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar é Dé hAoine seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ