Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go bhfuil sé "uafásach go bhfuil neamhaird á tabhairt ar riachtanais an phobail ag an dá thaobh" san aighneas tionsclaíoch in Aer Lingus.
D'iarr Micheál Martin ar Chumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann agus ar bhainistíocht Aer Lingus araon teacht i ndáil a chéile agus leas a bhaint as córas caidrimh thionslcaíoch an Stáit de ghrá an t-aighneas a réiteach.
Dar leis gur bunús maith réitigh moladh a rinne an Chúirt Oibreachais cheana.
Mhol an Chúirt Oibreachais ardú pá 9.2% a thabhairt do na píolótaí mar chuid de réiteach eatramhach ach dhiúltaigh na píolótaí an tairiscint sin i dtús na míosa seo.
Creideann na píolótaí gur ardú pá 23.8% atá ag dul dóibh ach deir bainistíocht Aer Lingus nach bhfuil an comhlacht in acmhainn a thabhairt dóibh.
Seachas dul i muinín na Cúirte Oibreachais arís, deir an bhainistíocht gur mian leo labhairt béal ar bhéal leis na píolótaí agus cur ina luí orthu gur in ómós athruithe ar a gcleachtais oibre a thabharfaí ardú pá dóibh.
Breis táirgiúlachta agus uainchláir níos scaoilte a theastaíonn ón mbainistíocht.
Níl aon ghlacadh ag na píolótaí leis an gcoinníoll sin, áfach, agus creideann siad go bhfuil siad i dteideal ardú pá de réir gnáis agus de réir ráta an bhoilscithe.
Ní mór a chur san áireamh freisin an brabach mór atá Aer Lingus a dhéanamh, a deir na píolótaí, agus na sochair ar fad a lig siad uathu ar son an chomhlachta aimsir na paindéime Covid-19.
Inné, chuir an dá thaobh i leith a chéile go raibh cos curtha i dtaca acu.
Tosóidh na píolótaí ag oibriú de réir rialach ón gCéadaoin beag seo cheal réitigh agus tá 244 eitilt ar a laghad curtha ar ceal ag Aer Lingus idir sin agus an Domhnach seo chugainn dá dheasca.
Ina cheann sin, tá na píolótaí le dul ar stailc ar feadh ocht n-uaire an chloig idir 5 a chlog ar maidin agus 1 a chlog am lóin an Satharn beag seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ