Beidh cruinniú inniu ag triúr ceannairí an Chomhrialtais faoin té atá le hainmniú mar Choimisnéir Eorpach le teacht in áit Mhairéad McGuinness a mbeidh a seal istigh i mí na Samhna.
Ós Fine Gaelach Mairéad McGuinness caithfear dreas a thabhairt d'Fhianna Fáileach ina diaidh, de réir mar a socraíodh i gClár an Rialtais.
Dealraítear gurb é an tAire Airgeadais Michael McGrath an Fianna Fáileach údan agus meastar go nglacfar lena ainmniúchán go foirmiúil i gcruinniú seachtainiúil na Comhaireachta amárach.
Tuigtear go bhfuil an Rialtas ag iarraidh an t-ainmniúchan a dhéanamh roimh chruinniú mullaigh den Chomhairle Eorpach a bheas ar siúl sa Bhruiséil Déardaoin agus Dé hAoine beag seo.
Tá ballstáit eile an Aontais Eorpaigh lena gCoimisinéirí nua féin a ainmniú an tseachtain seo freisin.
Níl iontu ach ainmniúcháin, ámh, mar go gcaithfidh Parlaimint na hEorpa gach ceann acu a cheadú sular féidir aon duine a cheapadh.
Inniu, dhearbhaigh ceannaire Fhianna Fáil, an Tánaiste Micheál Martin, go dtacódh Rialtas na hÉireann le hainmniúchán Ursula von der Leyen mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh den dara seal as a chéile.
Os a choinne sin, thug sé le fios gur "céim ar chéim" a bhreathnófaí ar an gceist nuair a bheadh feisirí Fhianna Fáil i bParlaimint na hEorpa ag vótáil ar an ainmniúchán.
Dúirt Micheál Martin go raibh rún aige an cheist a phlé le feisirí an pháirtí as seo go sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ