Tugadh fear ocht mbliana déag d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu agus é cúisithe maidir le heachtra a tharla i bPáirc an Fhionnuisce seachtain ó shin.
Tá Reece Murphy, as Ascaill Rualaí i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22, cúisithe i dtiomáint chontúirteach, i mí-ord foréigneach agus i gcasúr a bheartú sa pháirc Dé Luain seo caite.
Ní dhearna Reece Murphy aon phléadáil sa chúirt ach dúirt a aturnae Wayne Kenny gur mhian lena chliant a chur in iúl "nár dhuine hómafóbach é" agus "nach ionsaí ar bpobal aerach a bhí ann".
Dúirt an t-aturnae go mb'fheasach dá chliant go raibh iriseoirí sa chúirt agus gur theastaigh uaidh aird a tharraingt ar an bpointe sin.
Cheadaigh an Breitheamh Treasa Kelly bannaí don chúisí ar an gcoinníoll nach ndéanfadh sé aon teagmháil leis na gearánaithe agus nach ndéanfadh sé aon tagairt dóibh ar na meáin shóisialta.
Ordaíodh dó a phas a thabhairt ar láimh do na Gardaí, dul chuig stáisiún Gardaí trí huaire sa tseachtain agus fanacht sa bhaile idir 11 a chlog san oíche agus 6 a chlog ar maidin.
Dúradh sa chúirt gur printíseach is ea Reece Murphy agus ceadaíodh saorchúnamh dlí dó.
Tá sé le teacht os comhair na cúirte arís ar an 16 Meán Fómhair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ