Tá tús curtha ag Óglaigh na hÉireann le cás inmheánach maidir le saighdiúir a phléadáil ciontach in ionsaí brúidiúil a dhéanamh ar bhean a fágadh gan aithne gan urlabhra dá bharr.
I gcúirt i Luimneach inné, gearradh trí bliana príosúin ar fionraí ar an Saighdiúir Singil Cathal Crotty, 22 bliain d'aois, faoin ionsaí.
I ráiteas, dhearbhaigh Óglaigh na hÉireann nár féadadh tús a chur leis an gcás inmheánach nó go raibh an cás sibhialta sa chúirt thart.
Dúradh sa ráiteas go raibh "roghanna éagsúla" anois ag Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra de réir Rialacháin Óglaigh na hÉireann.
Moladh sa ráiteas an bhean ar ionsaigh Cathal Crotty í – Natasha O'Brien, 24 bliain d'aois – as a mhisniúla a bhí sí agus guíodh biseach uirthi.
Dúirt Natasha O'Brien inné, ámh, nach raibh sé ceart ná cóir téarma príosúin ar fionraí a ghearradh ar an saighdiúir.
Dúradh sa chúirt gur ionsaigh Cathal Crotty, as Ard na Croise i gCo an Chláir, Natasha O'Brien ar Shráid Uí Chonaill i Luimneach ar an 29 Bealtaine 2022.
Bhí an tráthóna caite ag Cathal Crotty ag ól agus nuair a chuaigh sé ag caitheamh maslaí le daoine ar an tsráid in ard a ghutha d'iarr Natasha O'Brien air éirí as.
Ba ansin a d'ionsaigh sé í agus bhuail í sé huaire ar a laghad.
Nuair a ghabh na Gardaí é ar an gcéad dul síos dúirt sé leo gurbh í an bhean a thosaigh an t-achrann ach nuair a taispeánadh físeán ó cheamaraí slándála dó a léirigh a mhalairt phléadáil sé ciontach san ionsaí.
Dúradh freisin go raibh an saighdiúir ag maíomh as an ionsaí ar an meán sóisialta Snapchat.
Tá ceithre seachtaine ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí le achomharc a dhéanamh in aghaidh bhoige na pianbhreithe ach níl aon fhógra déanta faoi sin fós.
Mhol an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee Natasha O'Brien as labhairt go hoscailte agus go cróga faoin ionsaí fíochmhar a rinneadh uirthi.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ