D'fhógair píolótaí Aer Lingus tráthnóna inniu go raibh siad le dul ar stailc ar feadh ocht n-uaire an chloig idir 5 a chlog ar maidin agus 1 a chlog am lóin Dé Sathairn an 29 Meitheamh.
Níos túisce inniu, dheimhnigh Aer Lingus go raibh 124 eitilt curtha ar ceal acu idir an Chéadaoin seo chugainn agus an Domhnach dar gcionn, an dá lá sin san áireamh, mar gheall ar an ngníomhaíocht thionsclaíoch atá ar bun ag píolótaí na haerlíne.
I ráiteas, thug Aer Lingus le fios go mbeadh 20,000 paisinéir thíos leis agus dúradh gur tosaíodh ag cur scéala chuig na paisinéirí sin ar maidin inniu.
Is iad na heitiltí a cuireadh ar ceal Baile Átha Cliath go dtí Londain Heathrow, Páras, Amstardam, Lyon, Beirlín, Birmingham, an Bhruiséil, Düsseldorf, an Róimh, Frankfurt, an Ghinéiv, Hamburg, Manchain, München, an Vín agus JFK Nua-Eabhrac – chomh maith le Corcaigh go dtí Londain Heathrow.
Dhearbhaigh an comhlacht go mbeadh rogha ag daoine ceann acu eitilt eile lá níos faide anonn a chur in áirithe, dearbhán oscailte a fháil nó a gcuid airgid a fháil ar ais.
Dé Máirt seo caite, d'fhógair baill de Chumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann in Aer Lingus go dtosóidís ag oibriú de réir rialach ón gCéadaoin seo chugainn mar gheall ar aighneas faoi ardú pá.
Chuir Aer Lingus i leith na bpíolótaí gur beart glic a bhí san oibriú de réir rialach a ngéarófaí air de réir a chéile.
Dar le huachtarán an cheardchumainn Mark Tighe, áfach, nach bhfuil ann ach nach bhfuil na píolótaí sásta obair laethanta atá siad in ainm a bheith saor.
Má chaithfidh bainistíocht Aer Lingus eitiltí a chur ar ceal dá bharr sin, a dúirt sé, is follas go bhfuil ganntanas píolótaí ann.
Thug sé le fios go mb'in ceist a bhí ag na bainisteoirí dul ina cheann roimhe seo.
Ón gCéadaoin seo chugainn, ní dhéanfaidh na píolótaí aon ragobair agus ní thabharfaidh siad faoi aon obair eile a iarrfar orthu a dhéanamh taobh amuigh dá n-uaireanta oibre oifigiúla.
Ní oibreodh siad ach de réir na n-uainchlár atá foilsithe cheana féin agus ní ghlacfaidh siad le haon leasú ar na huainchláir sin.
Lena chois sin, ní logálfaidh siad isteach i gcóras ríomhaireachta Aer Lingus agus ní fhreagróidh siad an fón taobh amuigh dá n-uaireanta oibre oifigiúla.
Tá ardú pá 23.8% á éileamh ag na píolótaí ach deir Aer Lingus gur éileamh thar cailc ar fad atá ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ