Tá fógra tugtha ag an dlíodóir cearta daonna Kevin Winters go gcuirfear an dlí ar Rialtas na hÉireann mura gcomhoibreoidh an Garda Síochána le fiosrúchán faoi na hionsaithe buamála a rinneadh i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán ar an 17 Bealtaine 1974.
Maraíodh 34 duine sna buamálacha sin agus tá Kevin Winters ag obair ar son ghaolta ocht nduine dhéag díobh.
Tá a fhios ag an saol gur buíon dílseoirí ón UVF dá ngaireadh an Glennane Gang a bhí freagrach as an dá ionsaí ach níor tugadh aon duine díobh os comhair cúirte riamh.
Bhí an Glennane Gang bunaithe i ndeisceart Ard Mhacha agus bhí póilíní ón RUC agus saighdiúirí ó reisimint UDR Arm na Breataine páirteach leo.
Meastar gur mharaigh an bhuíon sin os cionn 120 duine agus glactar leis gurb iad a bhí freagrach chomh maith as ionsaithe buamála a rinneadh i mBéal Tairbirt i gCo an Chabháin, i nDún Dealgan i gCo Lú agus i mBaile na Lorgan i gCo Mhuineacháin.
Tá fiosrúchán faoi ghníomhaíochtaí na buíne ar bun ag Ombudsman na bPóilíní sa Tuaisceart, Marie Anderson, agus tá ag sí ag iarraidh ar an nGarda Síochána pé faisnéis atá acu faoi na buamálacha i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán a thabhairt di.
Níl freagra tugtha ag na Gardaí ar a hiarratas, áfach, agus deir Kevin Winters nach féidir léi a cuid oibre a dhéanamh mar is ceart d'uireasa na faisnéise úd.
Os a choinne sin, tá faisnéis ábhartha tugtha ag na Gardaí d'fhiosrúchán eile atá ar bun ag na póilíní faoin Glennane Gang.
Ag labhairt dó le RTÉ, dúirt an Tánaiste Micheál Martin nach raibh aon eolas aige ar iarratas Marie Anderson agus thug le fios go raibh iontas air go rabhthas ag maíomh nach raibh na Gardaí ag comhoibriú léi.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ