skip to main content

Éiginnteacht faoi mhaoiniú ionad ailse

Ionad Tacaíochta Ailse Oirthear na Gailimhe agus Lár Tíre
Ionad Tacaíochta Ailse Oirthear na Gailimhe agus Lár Tíre

Tá imní ar ionad deonach do dhaoine a bhfuil ailse orthu in oirthear na Gaillimhe nach mbeidh ar a gcumas leanacht ar aghaidh ag cur na seirbhíse ar fáil gan cinnteacht faoi mhaoiniú an Ionaid.

Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte €7,000 sa bhliain ar fáil do Ionad Tacaíochta Ailse Oirthear na Gailimhe agus Lár Tíre i mBéal Átha na Sluaighe.

Deir an t-ionad áfach nach leor an méid sin le riar don 120 duine a bhaineann leas as gach seachtain agus nach féidir leo leanacht ar aghaidh ag brath ar thabhartais dheonacha ó phobal an cheantair.

Bunaíodh Ionad Tacaíochta Ailse Oirthear na Gaillimhe i mBéal Átha na Sluaighe i 2010 nuair a chonaic daoine a raibh ailse orthu féin blianta roimhe sin go raibh gá le seirbhísí breise do othair.

Lear mór daoine sa tseachtain ag freastal ar an ionad

24 bliain níos déanaí bíonn breis is 120 duine sa tseachtain ag triail ar an Ionad as contaetha Ros Comáin, Uíbh Fháilí, an Longfoirt agus na hIarmhí.

Daoine iad atá ag fáil cóireáil ceimiteiripe nó radaiteiripe in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe nó iad siúd atá díreach críochnaithe leis an chóir leighis.

Dúirt Jacqueline Daly, Stiúrthóir Seirbhísí an Ionaid agus duine de bhunaitheoirí an háise, go bhfaca sise go raibh gá leis na seirbhísí tacaíochta de bhrí nach raibh a leithéid sa cheantar.

'Cóir mhaith á cur ar othair' a deir Jacqueline Daly

Chonacthas di go raibh fir aosta go háirithe, a raibh ailse sa phrostáit orthu, fágtha ar an trá fholamh agus nach raibh siad eolach ar an chóras sláinte ná an tacaíocht a d'fhéadfadh a bheith ar fáil dóibh.

Anois tá seirbhísí comhairleoireachta, teiripí éagsúla chomh maith le cóireáil mar dhraenáil limfeach, ar fáil dóibh.

Bailíonn mionbhus an ionaid iad ar maidin le dhul chuig a gcoinne otharlainne i nGaillimh agus cuirtear béile te ar fáil dóibh nuair a fhilleann siad ar an Ionad tráthnóna.

Cuirtear seirbhísí tacaíochta ar fáil chomh maith do pháistí a bhfuil a dtuismitheoirí ag fáil cóir leighis agus cinntíonn an fhoireann de 40 oibrí deonach go mbíonn cuidiú acu sa bhaile i gcónaí.

Ach deir bainistíocht an Ionaid nach mbeidh siad ábalta leanacht ar aghaidh ag cur na seirbhíse ar fáil gan cinnteacht faoi mhaoiniú an Ionaid.

€15,000 sa mhí ag teastáil leis na seirbhísí a chur ar fáil

Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte €7,000 sa bhliain ar fáil faoi Alt a 39 den Acht Sláinte 2004 ach deir an tIonad nach leor an méid sin agus nach féidir leo leanacht ar aghaidh ag brath ar thabhartais dheonacha ó phobal an cheantair.

Tá gá le €15,000 sa mhí leis na seirbhísí a chur ar fáil, a deir siad, agus ní cheadaíonn na forálacha d’Alt a 39 a bhaineann leo, don ionad maoiniú a fháil le haghaidh tuarastail foirne.

Feachtais bailithe airgid a íocann as tuarastal an bheirt fhostaí faoi láthair ach is go deonach a chuireann gach duine eile a gcuid seirbhísí ar fáil san Ionad.

An mionbhus a thugann othair chomh fada le Gaillimh

Dúirt Séagh Mac Siúrdáin, a chuireann seirbhísí abhcóidíochta agus comhairle ar fáil don ionad go deonach, gur cheart go mbeadh cinnteacht ag an Ionad maidir le hairgeadú fadtéarmach ionas gur féidir leo suaimhneas intinne a thabhairt do othair go mbeidh fáil ar na seirbhísí fhad is a mhairfidh cóir leighis ailse an othair.

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le Nuacht nach bhfuil iarratas faighte acu ar bhreis maoinithe.

Séanann an tIonad an méid sin - deir siad go bhfuil sé ráite leo go soiléir nach féidir leo iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú do thuarastal na bhfostaithe.

Tá tuilleadh faoin scéal seo ag Sorcha Ní Mhonacháin ar Nuacht TG4 ar ár seirbhís idirlín.