I gCúirt Chuarda Choiriúil Luimnigh inniu gearradh 3 bliana de théarma príosúnachta curtha ar fionraí ar fhear 22 bliain d'aois as bean a ionsaí ar an tsráid breis is 2 bhliain ó shin.
Gearradh an téarma ar Cathal Crotty as Ard na Croise ,Co. An Chláir as Natasha O'Brien (24) a ionsaí ar Shráid Uí Chonaill i Luimneach i mBealtaine 2022.
Saighdiúir de chuid na bhFórsaí Cosanta é Crotty.
Dúirt sé le gardaí ar dtús gurbh í an bhean a thosaigh an t-achrann, nuair a taispeáineadh físeán CCTV dó a léirigh a mhalairt áfach phléadáil sé ciontach as an ionsaí.
Ní hamháin sin ach bhí an saighdiúir seo ag maíomh as an ionsaí lena chairde ar an gcóras Snapchat.
Dúradh sa chúirt gur chaith Crotty tráthnóna an ionsaithe ag ól alcóil.
Nuair a chuaigh sé ag caitheamh maslaí le daoine ar an tsráid in ard a ghutha d'iarr Natasha O'Brien air éirí as.
Ba ansin a d'ionsaigh sé í, bhuail í ar a laghad sé huaire.
'Cheap mé go bhfaighinn bás ar an toirt' a dúirt Natasha O'Brien.
Briseadh a srón san ionsaí agus d'fhulaing sí gortuithe tromchúiseacha eile.
'Ina dhiaidh sin' a dúirt sí 'ní raibh mé in ann a thuilleadh ag mo phost i dteach tabhairne, thagadh driopás agus faitíos orm go rialta agus bhuaileadh tromchodladh mé go minic de thoradh an ionsaithe'.
Thóg an Breitheamh Tom O'Donnell san áireamh gur phléadáil Crotty ciontach ag rá go mbeadh an tráma i bhfad níos measa don bhean óg dá gcaithfí dul ar aghaidh le cás cúirte.
Dúirt Natasha O'Brien gur thuig sí é seo ach nach bhfaca sí aon chothrom na féinne sa bpíonós a gearradh.
'Tá a phost aigesan i gcónaí' a deir sí, 'tá mo phost caillte agamsa'.
Tá Cathal Crotty ina shaighdiúir i gcónaí agus é ar dualgas i mBeairic an tSáirséalaigh i Luimneach.
Bhraith an Breitheamh O'Donnell go mbeadh deiridh le gairm Chathal Crotty dá gcathfeadh sé téarma príosúnachta a dhéanamh.