skip to main content

An Spáinn ag cáiliú do na babhtaí díbeartha i gcomórtas an Euro

Lucht leanúna na Spáinne ag ceiliúradh anocht
Lucht leanúna na Spáinne ag ceiliúradh anocht

D'éirigh le foireann na Spáinne anocht in aghaidh na hIodáile sa chluiche mór i nGrúpa B i gCraobhchomórtas Idirnáisiúnta na hEorpa.

Chroch na Spáinnigh leo na 3 phointe agus iad ag buachan 1-0.

Tá an Spáinn anois sna babhtaí díbeartha.

Bua é seo a bhí tuillte ag an Spáinn agus tháinig an cúl sa 55ú nóiméad nuair a sciorr an liathróid isteach de bhróg chosantóir na hIodáile, Riccardo Calafiori.

Riccardo Calafiori (5) ag cur na liathróide isteach ina chúl féin

Bhí súil ag bainistíocht fhoireann sacair Shasana go gcinnteodh siadsan áit tráthnóna sa dara babhta de Chraobhchomórtas Idirnáisiúnta na hEorpa.

Comhscór áfach a bhí ag buachaillí Gareth Southgate in aghaidh na Danmhairge i Frankfurt.

D'admhaigh an bainisteoir gur beag atá déanta go fóill ag a fhoireann sa chomórtas le haon dóchas a spreagadh ina lucht leanúna.

Chuir Harry Kane na Sasanaigh chun cinn luath go maith sa chluiche ach bhí sé ina chomhscór faoi leath am a bhuíochas do Morten Hjulmand.

Bainisteoir Shasana Gareth Southgate

1-1 a chríochnaigh an cluiche , fágann sin 4 phointe ag Sasana anois i nGrúpa C ó d'éirigh leo an tSeirbia a chloígh 1-0 sa chéad chluiche.

Tá chuile sheans acu dul chomh fada leis na babhtaí díbeartha cé nach féidir a bheith cinnte go mbíonn an cluiche deiridh sa ghrúpa imeartha acu i gcoinne na Slóivéine.

Comhscór 1-1 a bhí ag an tSlóivéin leis an gCróit inniu.

Go dtí seo is iad Sasana an t-aon fhoireann a bhfuil cluiche buaite acu i nGrúpa C.

Léas dóchais do na hAlbanaigh a gcomhscór leis an Eilvéis i ngrúpa A níos túisce sa tseachtain.

Albain a fuair comhscór in aghaidh na hEilvéise

Caithfidh siad áfach an Ungáir a bhualadh go cuimsitheach ina gcluiche deiridh, agus a bheith ag súil go leanfaidh an Ghearmáin leis an gcuaifeach atá fúthusan faoi láthair agus léasadh maith a thabhairt don Eilvéis.

D'fhéadfadh sé ansin go mbeadh difríocht scórála na hAlban níos láidre ná ceann na hEilvéise agus go bhfeicfeadh sin cáilithe iad sa dara háit.

Bheadh an seans ann freisin ar ndóigh go gcáileodh Albain sa 3ú háit ach bhraithfeadh sé sin ar sheasamh fhoirne sna grúpaí eile.

Cháiligh an Ghearmáin aréir do na babhtaí díbeartha a bhuíochas dá mbua 2-0 in aghaidh na hUngáire.

Musiala (10) ag ceiliúradh aréir don Ghearmáin

16 tír a cháilíonn do na babhtaí díbeartha.

Tá an Spáinn agus an Ghearmáin ansin anois cheana féin.

Sa Ghearmáin atá an comórtas ar siúl i mbliana agus is ar an 14ú Iúil a imreofar an cluiche ceannais.