skip to main content

An chéad Éireannach le dul sa spás i 2026

An Dr Norah Patten
An Dr Norah Patten

Bean as Co.Mhaigh Eo an chéad Éireannach riamh a ghabhfas amach sa spás.

Má fhágann Dia slán an Dochtúir Norah Patten, tá sé i gceist go mbeadh sí ar fhoireann idirnáisiúnta a dhéanfas an turas sin i 2026.

Tá an bhean seo, as Béal an Átha ó dhúchas ag obair le comhlacht innealtóireachta Realtra Space sa Chúlóg i mBaile Átha Cliath.

Beidh sí féin agus beirt thaighdeoirí eile, bean óna Stáit Aontaithe agus bean ó Chaenada le tabhairt faoin turas ar spásárthach Delta de chuid Virgin Galactic.

Is ar mhaithe leis an taighde atá ar bun i dtaca le maireachtáil sa spás atá an turas seo á thabhairt.

Tá tacaíocht airgid faighte aige ó infheisteoirí agus lucht urraíochta.