Tabharfar fear 67 bliain d'aois os comhair na cúirte i nDroichead na Banna i gCo.An Dúin níos deireanaí inniu.
Tá Malachy Quinn á chúisiú faoi dhúnmharú Mhichael McConville i gCrois Mhic Lionnáin i gCo.Ard Mhacha.
Fuarthas corp Mhichael McConville, 74 bliain d'aois i dteach cónaithe ansin Dé Sathairn seo caite.
Thug póilíní an PSNI le fios inné go raibh dúnmharú curtha i leith an fhir.
Cuireadh Malachy Quinn siar faoi choinneáil agus tiocfaidh sé os comhair cúirte arís trí nasc físe ar an 17ú Iúil.