Tá triúr fear gafa ag na gardaí mar chuid den fhiosrúchán atá ar bun acu maidir le líomhaintí go ndearnadh imeaglú ar an Taoiseach.
Ar maidin inniu a gabhadh na fir agus tá siad á gcoinneáil faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil.
Beirt fhear sna daicheadaí agus fear eile sna tríochaidí atá i gceist agus is féidir iad a cheistiú ar feadh 24 uair a'chloig.
Baineann gabháil na bhfear le 2 eachtra ar leith.
Tá duine á cheistiú faoin méid a tharla Dé hAoine seo caite nuair a bhailigh slua fear a raibh púicíní á gcaitheamh acu lasmuigh de theach cónaithe an Taoisigh i gCo.Chill Mhantáin ag éileamh go ndíbreofaí inimircigh as éadan agus go ndúnfaí teorainneacha na tíre.
Tá beirt eile á gceistiú faoin mbealach ar léirsigh grúpa fear a raibh púicíní orthu lasmuigh de theach an Taoisigh fad is a bhí a bhean chéile agus páistí óga taobh istigh.
Tharla a léithid sin an mhí seo caite.