Tá deis ag iarrthóirí a gcuid ainmneacha a chur chun cinn do cheannasaíocht pháirtí Comhaontas Glas óna 9 a chlog ar maidin.
Is ag a 9 a chlog san oíche Dé Luain a thiocfaidh clabhsúr leis sin agus ní ghlacfar lena thuilleadh ainmneacha ina dhiaidh sin.
Faoi láthair tá sé tugtha le fios ag an Aire Roderic O'Gorman chomh maith leis an Aire Stáit Pippa Hackett go bhfuil fúthu a bheith san iomaíocht do cheannaireacht an pháirtí.
Arú inné a d'fhógair ceannaire Chomhaontas Glas Eamon Ryan go raibh seisean ag éirí as an chúraim sin.
Fógrófar an ceannaire nua ar an 8ú Iúil.
Tá sé i gceist ag an bpáirtí freisin eolas a thabhairt do na baill sna laethanta atá romhainn maidir leis an toghchán do leascheannaireacht an pháirtí.
D'fhógair an tAire Catherine Martin arú inné freisin go mbeadh sise ag éirí as an chúraim sin.