skip to main content

Gardaí ag fiosrú bás fir i gCo BÁC

Gardaí ag fiosrú bás fir i gCo BÁC
Gardaí ag fiosrú bás fir i gCo BÁC

Tá fear sna tríochaidí gafa ag na gardaí maidir le bás fir eile i gCo.Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin inniu.

Glaodh amach ar ghardaí agus na seirbhísí éigeandála chuig eastát tithíochta Bhealach Choill Hampton i gceantar Fhionnghlais go gairid tar éis mheánoíche.

Tháinig siad ansin ar an bhfear 51 bliain d'aois agus é ina luí ar an talamh.

Ba léir go raibh sé sáite roinnt mhaith babhtaí.

Bhásaigh sé in Ospidéal an Mater níos deireanaí.

Tá an fear a gabhadh á choinneáil faoi Alt 4 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit.

Tá láthair an ionsaithe á scrúdú faoi láthair.

Cuirfear scrúdú iarbháis ar chorp an fhir níos deireanaí inniu.