Cuirfear an fheoil go léir as an aon seamlas capaill atá ag feidhmiú sa Stát, ó mhaith an mhí seo de bharr imní maidir le calaois bia, a dúradh le cúirt i Luimneach.
Dúradh leis an Bhreitheamh Patricia Harney gur chreid oifigigh ón Roinn Talmhaíochta nár shásaigh an fheoil ó Shannonside Foods Ltd i dTeach Strafáin i gCo. Chill Dara na híos chaighdeáin dlí a bhaineann le sábháilteacht bia.
Bhí achomharc faoi bhráid na cúirte ag Shannonside Foods Ltd in aghaidh ordú ón Roinn 65 conablach capaill a maraíodh sa seamlas níos luaithe an mí seo, a scrios.
Dúradh sa chúirt go raibh raibh míchruinneas, neamhréir neamhthreoir san eolas maidir le biashlabhra na n-ainmhithe.
Dúirt an Ceannfort Chigire Tréidliachta Ann Quinn leis an chúirt go raibh imní mhór ar an Roinn faoi rianú na gcapall agus faoi chruinneas an eolais a cuireadh ar fáil futhú.
Dúirt sí gur seirbheáladh roinnt fógraí ar John Joe Fitzpatrick, úinéir Shannonside Foods Ltd, nuair a thánagthas air agus líon mór pasanna eachaí ina sheilbh nach raibh capaill aige dóibh chomh maith le capaill nach raibh aon chruthúnas aitheantais leo ina ghabháltas i nDroichead Uí Chearnaigh i gCo. an Chláir.
Dúirt sí gur chruthaigh Shannonside Foods Ltd na cáipéisí seamlais ar stádas biashlabhra na gcapall tar éis a maraithe, seachas nuair a bhí siad beo.
Dá réir sin a dúirt sí, ní raibh aon mhuinín ag an Roinn i bhfírinneacht na gcáipéisí.
Thug sí le fios go bhfuil ar bun ag an Roinn maidir le sáruithe tromchúiseacha sláinte agus leasa ainmhithe.
Tá an Roinn i dteagmháil leis an Údarás Sábháilteachta Bia in Éirinn agus le ballstát amháin de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le "ceisteanna sábháilteachta bia agus calaois bia."
Dúirt dlíodóirí Shannonside Foods Ltd go raibh luach €80,000 san fheoil atá le cur ó mhaith.
Dúirt siad leis an chúirt gur "freagairt mheargánta" é gníomh na Roinne in iarracht náire a sheachaint faoin méid a d'eascair as tuairisc an chláir PrimeTime ar RTÉ an tseachtain seo caite.
Dúirt an Cigire Tréidliachta Ann Quinn nach raibh aon bhunús leis an ráiteas sin.