Rialaigh an Ardchúirt gur ó choiriúlacht a tháinig an tairgead a d'íoc as teach, car agus uaireadóir arbh fhiú breis is €600,000 iad, a ghabh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla ó bhall de bhuíon choiriúil agus a pháirtí.
Dúirt an Breitheamh Alexander Owens go raibh saol na bhfuíoll ag James Gately agus a pháirtí Charlene Lam ag taisteal na cruinne agus gur ar éigean a chaith siad am ar bith sa Stát.
Is ball sinsearach é James Gately de bhuíon coiriúlachta Hutch agus is iomaí iarracht a déanta ag drong coiriúlachta Kinahan é a mharú.
Dúirt an Biúró um Shócmhainní Coiriúla leis an chúirt go bhfuil na Gardaí á fhiosrú maidir le trí dhúnmharú agus go bhfuil sé i gceist anois ag an mBiúró socmhainní Gately agus a pháirtí a ghabháil.
San Ardchúirt inniu dúirt an Breitheamh Owens go bhféadfaí a rá nach mbíonn an dís sa Stát in am ar bith mar go gcaitheann siad a gcuid ama in aerfoirt agus ar longa pléisiúir sa Mhuir Chairib agus sa Mhuir Theas.
Chualathas gur chaith siad an péire trí seachtainí ag thuras loinge i Singeapór, sa Téalainn, i Vítneam, sa Choiré agus sa tSeapáin.
Cheannaigh James Gately teach i gCéide an Ghleanna sa Chúlóg ar €125,000 agus chuir sé síneadh a chosain €440,000 leis a dhúbail méid an tigh.
Bhí carr den déanamh Volkswagen Golf GTI aige agus bhí uaireadóir den bhranda Rolex a b'fhiú breis is €4,000 ag a pháirtí.
Chualathas sa chúirt gur caitheadh na mílte Euro ar sheodra agus ar mhainliacht phlaisteach.
Inniu rialaigh an Ardchúirt gur fáltais ó choiriúlacht iad na sócmhainní a ghabh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla
Dúirt an Breitheamh Owens gur fáltais ó choiriúlacht "gan aon agó" iad an teach, an carr agus an t-uaireadóir, a chuir ar a gcumas an cineál sin saoil a chaitheamh.
Ba rí-léir go raibh suimeanna móra airgid acu le caitheamh, ó tharla gur ar éigean a chaith siad aon am sa Stát.
Dúirt an Breitheamh áfach go n-éisteoidh sé le haighneachtaí ón bheirt maidir lena n-ioncaim idir 2019 agus 2021 sula gcinnfidh sé nach ó fháltais choiriúla a tháinig a gcuid íocaíochtaí morgáiste.
Idir an dá linn cheap sé glacadóir ar an ghluaisteán agus ar an uaireadóir.