skip to main content

Roghanna eile do phaisinéirí á meas ag Aer Lingus in aighneas pá

Deir Aer Lingus go gcuirfidh 'obair de réir rialach' na bpíolótaí ón 26 Meitheamh, as go mór do eitiltí.
Deir Aer Lingus go gcuirfidh 'obair de réir rialach' na bpíolótaí ón 26 Meitheamh, as go mór do eitiltí.

Eagróidh Aer Lingus eitiltí malartacha do chustaiméirí, oibreoidh siad le haerlínte eile agus gheobhaidh siad eitleáin bhreise ar cíos más gá, má chuirtear eitiltí ar ceal de bharr aighneas tionsclaíoch na bpíolótaí an tseachtain seo chugainn.

Tá an comhlacht ag meas an tionchair a bheidh ag gníomhaíocht thionsclaíoch a bpíolótaí an tseachtain seo chugainn ar a gcuid seirbhísí.

Thug Cumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann IALPA foláireamh inné go n-oibreoidh siad de réir rialach ón Chéadaoin 26 Meitheamh amach.

Ciallaíonn sin nach ndéanfaidh na píolótaí aon ragobair ná aon chúraimí eile taobh amuigh dá n-uaireanta oibre oifigiúla.

Ní bheidh siad toilteanach logáil isteach i gcórais tairsí de chuid Aer Lingus ná glaonna teileafóin oibre a fhreagairt taobh amuigh dá n-uaireanta oibre.

Deir Aer Lingus nach bhfuil aon chall leis an ghníomh seo.

Deir an comhlacht go gcuirfear as go mór do eitiltí agus gur dócha go gcuirfear eitiltí ar ceal.

"Bhí rún daingean ag IALPA gníomhaíocht thionsclaíoch a fhógairt, agus dá réir sin tá cinneadh déanta acu dochar mór a dhéanamh, d'aon turas, de chustaiméirí agus do fhostaithe eile Aer Lingus," a dúirt Donal Moriarty, Oifigeach Gnóthaí Corparáideacha Aer Lingus.

Vótáil baill an cheardchumainn le móramh mór, diúltú de mholadh na Cúirte Oibreachais glacadh le harduithe pá de 9.25% mar chuid de shocrú eatramhach.

Tá na píolótaí ag éileamh arduithe de 23.8% mar chúiteamh ar a gcomhoibriú leis an chomhlacht i rith na paindéime Covid-19 nuair a bhí an earnáil eitlíochta ina lagtrá.

Deir Aer Lingus go bhfuil an t-éileamh seo iomarcach, míréasúnta agus dochosanta.