skip to main content

Hackett agus O'Gorman sa tóir ar cheannaireacht na nGlasach

Beidh comórtas ann anois go cinnte do phost na ceannaireachta idir an tAire Stáit Pippa Hackett agus an tAire Roderic O'Gorman
Beidh comórtas ann anois go cinnte do phost na ceannaireachta idir an tAire Stáit Pippa Hackett agus an tAire Roderic O'Gorman

Tá beirt anois san iomaíocht le dul i gceannas ar an Chomhaontas Glas - an tAire Roderic O'Gorman agus an Seanadóir Pippa Hackett.

Dúirt an Seanadóir Hackett, atá ina hAire Stáit do Ghnóthaí Foraiseachta ar an stáisiún raidió Newstalk go bhfuil deis anois ag an Chomhaontas Glas ar "thús nua."

Tá sé fógartha cheana féin ag an Aire Leanaí agus Lánpháirtíochta Roderic O'Gorman go mbeidh seisean san iomaíocht.

D'fhógair an tAire ar an méid sin ar an ardán sóisialta X: "Tar éis 24 bliain i mo bhall den Chomhaontas Glas, beidh mé ag dul san iomaíocht chun a bheith i gceannas ar an pháirtí chun barr a bhaint amach ar fud na tíre seo agus agus chun ár mianta a chur i gcrích."

Tá sé ráite ag Marc Ó Cathasaigh, Teachta an pháirtí i bPort Láirge, go mbeidh sé ag tacú le Roderic O'Gorman de bhrí "go bhfuil taithí na blianta aige, go bhfuil eolas aige ar gach cuid den pháirtí agus gur féidir leis dhá bhun phrionsabal dár gcuid - gníomh ar an ngéarchéim aeráide agus meas ar cheartas sóisialta - a shníomh le chéile."

Tá tacaíocht faighte ag Roderic O'Gorman freisin ó theachta an pháirtí i mBaile Átha Cliath Theas, Patrick Costello a dúirt go bhfuil gá le duine éigin a bhfuil taithí aige agus "toghchán dúshlánach ar an tsúil againn."

Pippa Hackett

Tá beannacht faighte ag an Aire Stáit Pippa Hackett ó thriúr ball Oireachtais.

Dúirt an tAire Stáit Ossian Smyth agus an Seanadóir Pauline O'Reilly go léireodh Pippa Hackett nach fíor an tuairim gur bhfuil an Comhaontas Glas in aghaidh phobal na tuaithe.

Is feirmeoir mairteola agus caorach i gCo. Uíbh Fháilí í an tAire Stáit Pippa Hackett

Tá sé ráite ag teachta an pháirtí i Luimneach, Brian Leddin, go dtacóidh sé le Pippa Hacket.

Dúirt seisean go bhfuil sé in am ceannaire nach de bhunadh Bhaile Átha Cliath é a thoghadh agus go ndearna Pippa Hacket a cúraimí mar Aire Stáit go han-mhaith.

Is Seanadóir í an tAire Stáit ach tá áit aici ag bord an Rialtais.

Dúirt Ossian Smyth ar an chlár Morning Ireland ar RTÉ, gur mhaith leis a bheith ina leascheannaire má thoilíonn Pippa Hackett a bheith san iomaíocht.

Is feirmeoir mairteola agus caorach as Uíbh Fháilí í an Seanadóir Hackett agus dúirt Ossian Smyth go gcruthódh sí go bhfuil tábhacht leis an Chomhaontas Glas taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Ba as Dáilcheantair sa ardchathair a toghadh na trí ceannairí deireanacha a bhí ar an Chomhaontas Glas - Eamon Ryan, John Gormley agus Trevor Sargent.

Beidh tacaíocht ag Pippa Hackett ón Seanadóir Pauline O'Reilly chomh maith - ar na cúiseanna atá luaite ag Ossian Smyth.

Tá cúraimí forbairt pobail agus rialáil carthanachtaí ar an Aire Stáit Joe O'Brien

Tuigtear go bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit Joe O'Brien dul san iomaíocht chomh maith.

Is as Greanach in aice leis an Bhlárna i gCo. Chorcaí dó, ach tá sé ag cur faoi sna Sceirí i dtuaisceart Átha Cliath le blianta fada.

Ó dúirt sé leis an chlár Drivetime ar RTÉ inné go raibh sé ag déanamh a mharana, deir a lucht tacaíochta gur rogha chiallmhar é mar gheall ar a chúlra feirmeoireachta agus ar a chuid iarrachtaí dul i ngleic le héagothroime.