skip to main content

Píolótaí Aer Lingus chun oibriú de réir rialach ón 26 Meitheamh

Gníomhaíocht thionsclaíoch fógartha go hoifigiúil ag piolótaí Aer Lingus
Gníomhaíocht thionsclaíoch fógartha go hoifigiúil ag piolótaí Aer Lingus

Tá sé fógartha ag Cumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann go dtosóidh píolótaí in Aer Lingus ag oibriú de réir rialach seachtain ó amárach, Dé Céadaoin 26 Meitheamh.

Thug an ceardchumann le fios nach ndéanfadh na píolótaí aon ragobair agus nach dtabharfaidís faoi aon obair eile a d'iarrfaí orthu a dhéanamh taobh amuigh dá n-uaireanta oibre oifigiúla.

Dúradh nach n-oibreodh na píolótaí ach de réir na n-uainchlár atá foilsithe cheana féin agus nach nglacfaidís le haon leasú ar na huainchláir sin.

Ina cheann sin, a dúradh, ní logálfaidh siad isteach i gcóras ríomhaireachta Aer Lingus agus ní fhreagróidh siad an fón taobh amuigh dá n-uaireanta oibre oifigiúla.

Dhearbhaigh an ceardchumann freisin nach bhféadaí a rá cén uair a chuirfí deireadh leis an ngníomhaíocht thionsclaíoch.

Inné, vótáil 99% de phíolótaí Aer Lingus i bhfabhar tabhairt faoi ghníomhaíocht thionsclaíoch – stailc san áireamh – mar gheall ar aighneas faoi ardú pá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ