Deir an carthanas Cúnamh do Mhná gur faisnéisíodh níos mó cásanna d'fhoréigean baile anuraidh sa Stát seo ná riamh.
I dtuarascáil bhliantúil na heagraíochta, tugtar le fios gur faisnéisíodh 40,048 cás d'fhoréigean baile in 2023 agus gur méadú 18% é sin ó 2022.
Foréigean mothúchánach, corpartha, gnéasach agus eacnamaíochta a imríodh ar mhná agus ar leanaí atá i gceist.
Go deimhin, deirtear go raibh méadú 87% ar an líon cásanna d'fhoréigean eacnamaíochta agus méadú 74% ar an líon cásanna d'fhoréigean corpartha in 2023 le hais 2022.
Mar bharr ar an donas, creideann Cúnamh do Mhná nach bhfuil sna figiúirí a foilsíodh inniu ach an chuid is lú den scéal.
D'fhaisnéisigh mná éagsúla anuraidh gur ionsaigh a gcéilí nó a n-iarchéilí iad le hairm, go ndearnadh ionsaithe gnéasacha orthu, gur foilsíodh pictiúir díobh ar líne gan chead, go rabhthas ag faire orthu go seasta, gur bagraíodh orthu nó ar a leanaí, go raibh smacht ag a gcéilí nó a n-iarchéilí ar a gcuid airgid agus mar sin siar.
Tuirse, uaigneas, ísle brí, éadóchas, bochtaineacht agus leanaí a chailleadh sa bhroinn, sin mar a théann an foréigean baile i gcion ar mhná, a deirtear sa tuarascáil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ