skip to main content

Toghchán Eorpach: ceann scríbe ag teacht i radharc

Cinniúint na bpolaiteoirí ar a lámha!
Cinniúint na bpolaiteoirí ar a lámha!

Tá ceann scríbe ag teacht i radharc i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa agus ionchas ag daoine sna hionaid chomhairimh i gCaisleán an Bharraigh agus i gCorcaigh go líonfar tuilleadh suíochán tráthnóna inniu.

Maidir le toghlach Éireann Theas, toghadh Billy Kelleher ó Fhianna Fáil ar an ochtú comhaireamh déag níos túisce inniu agus cuireadh as an áireamh ar an naoú comhaireamh déag Grace O'Sullivan ón gComhaontas Glas ar léi an suíochán roimh an toghchán.

Dealraíonn sé go dtoghfar an t-iarrthóir neamhspleách Michael McNamara agus Kathleen Funchion ó Shinn Féin, luath nó mall, agus is idir Mick Wallace, Neamhspleách, agus Cynthia Ní Mhurchú ó Fhianna Fáil atá sé don suíochán deireanach.

Níor toghadh aon duine fós i Lár Tíre-an tIarthuaisceart ach ceaptar go mbainfidh an t-iarrthóir neamhspleách Luke 'Ming' Flanagan an cuóta amach níos deireanaí tráthnóna.

Meastar nach mbeidh Barry Cowen ó Fhianna Fáil agus an bheirt Fhine Gaelach Nina Carberry agus Maria Walsh i bhfad ina dhiaidh.

Siúd is go bhfuil Michelle Gildernew ó Shinn Féin chun tosaigh ar Chiarán Mullooly ón ngrúpa Éire Neamhspleách, ceaptar go bhfaighidh sé níos mó vótaí aistrithe ná í agus gurb é a bheas buach i ndeireadh na scríbe.

Nuacht agus Cursaí Reatha RTÉ