Tá comhráite ar siúl inniu idir Aer Lingus agus Chumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann maidir le haighneas pá a bhféadfadh stailc a bheith mar thoradh air.
Inné, vótáil baill den cheardchumann sin in Aer Lingus le móramh mór i bhfabhar tabhairt faoi ghníomhaíocht thionsclaíoch – stailc san áireamh – mura dtiocfaí ar chomhréiteach idir dhá linn.
Roimh na comhchainteanna inniu, d'iarr Aer Lingus fógra cúig lá dhéag ar na píolótaí sula rachaidís ar stailc.
De réir chód cleachtais an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, moltar fógra seachtaine ar a laghad a thabhairt sula dtéitear ar stailc.
Dúirt uachtarán cheardchumann na bpíolótaí, an Captaen Mark Tighe, go bhfógródh na baill "in am trátha" cén sórt gníomhaíochta tionsclaíche go baileach a dtabharfaidís faoi.
Thug sé le fios mar sin féin gur mhian leis na píolótaí gan cur as do dhaoine a bhfuil sé i gceist acu dul ar saoire thar lear an samhradh seo.
Os a choinne sin, arsa Mark Tighe, tá na píolótaí meáite ar a gcothrom féin a fháil den bhrabach mór atá Aer Lingus a dhéanamh faoi láthair.
An tseachtain seo caite, dhiúltaigh an ceardchumann moladh ón gCúirt Oibreachais ardú pá 9.2% san iomlán a thabhairt dóibh mar chuid de réiteach eatramhach.
Tá an moladh sin i bhfad ón marc, ámh, ós ardú pá 23.8% atá na píolótaí a éileamh.
Dar leis na píolótaí nach bhfuil na tairiscintí ar ardú pá a tugadh dóibh go dtí seo, nach bhfuil siad ag teacht le ráta an bhoilscithe ná leis an mbrabach mór atá Aer Lingus a dhéanamh, agus nach gcuirtear san áireamh iontu na sochair ar fad a lig siad uathu ar son an chomhlachta aimsir na paindéime Covid-19.
Dúirt Príomhoifigeach Gnóthaí Corparáideacha Aer Lingus, Donal Moriarty, áfach, go raibh éileamh na bpíolótaí as compás agus dochurtha i gcrích.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ