skip to main content

Toghchán Eorpach: tuilleadh suíochán le líonadh inniu

Lucht comhairimh i gcathair ghríobháin páipéar i gCaisleán an Bharraigh
Lucht comhairimh i gcathair ghríobháin páipéar i gCaisleán an Bharraigh

Táthar ag leanúint le comhaireamh na vótaí i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa inniu – an cúigiú lá as a chéile – agus naoi gcinn de na ceithre shuíochán déag fós le líonadh.

Tá gach ceann de na ceithre shuíochán i mBaile Átha Cliath líonta ó arú aréir, chomh maith le ceann de na cúig shuíochán in Éirinn Theas.

Is iad Barry Andrews ó Fhianna Fáil; Regina Doherty ó Fhine Gael; Lynn Boylan ó Shinn Féin; agus Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre an ceathrar a toghadh i mBaile Átha Cliath, agus is é Seán Kelly ó Fhine Gael an t-aon duine a toghadh go dtí seo in Éirinn Theas.

Níor toghadh aon duine fós i Lár Tíre-an tIarthuaisceart.

Súile concair agus teacht aniar ag teastáil ó lucht comhairimh agus iad i mbun a gcúraim den chúigiú lá as a chéile

Mar sin féin, dealraíonn sé nach bhfuil ach suíochan amháin idir dhá cheann na meá i gcónaí i Lár Tíre-an tIarthuaisceart ó táthar ionann agus cinnte anois go dtoghfar ann an t-iarrthóir neamhspleách Luke 'Ming' Flanagan, Barry Cowen ó Fhianna Fáil, agus an bheirt Fhine Gaelach Nina Carberry agus Maria Walsh.

Is cosúil gur duine acu Ciarán Mullooly ón ngrúpa Éire Neamhspleách nó Michelle Gildernew ó Shinn Féin a bhuafas an cúigiú suíochán.

Faoi láthair, tá 18,000 vóta ag Ó Maolghuala ar Iníon Mhic Giolla na Naomh ach glactar leis gur uirthse a dháilfear an chuid is mó de na vótaí aistrithe ó Chris McManus, an t-iarrthóir eile a bhí ag Sinn Féin sa toghlach sin.

Vótáí á gcarnadh ina leathchéadta ag lucht comhairimh

In Éirinn Theas, níl ach beagán le cois 8,000 vóta aistrithe ag teastáil ó Billy Kelleher ó Fhianna Fáil leis an gcuóta a bhaint amach.

Ina dhiaidh siúd, tá Kathleen Funchion ó Shinn Féin; an t-iarrthóir neamhspleách Michael McNamara; Mick Wallace, Neamhspleách; Cynthia Ní Mhurchú ó Fhianna Fáil; agus Grace O'Sullivan ón gComhaontas Glas – san ord sin – agus gan idir an chéad duine agus an duine deireanach díobh ach 13,000 vóta.

Inné, fuair Kathleen Funchion 62% de vótaí aistrithe Paul Gavan, an t-iarrthóir eile a bhí ag Sinn Féin in Éirinn Theas.

Ní dhearna Grace O'Sullivan mórán dul chun cinn inné, áfach, agus is cosúil go bhfuil sí as an áireamh anois.

Mar leis na toghcháin áitiúla, fógraíodh an toradh deiridh tráthnóna inné agus, mar a tuaradh, is é Fianna Fáil a ghnóthaigh an líon is mó suíochán le gach uile údramáil.

TOGHCHÁIN ÁITIÚLA 2024 100% de na 949 suíochán líonta: FF (248), FG (245), SF (102), LO (56), DS (35), CG (23), PRB-D (13), Aon (8), NS (186), Eile (33).

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ