skip to main content

Fear os comhair cúirte faoi dhamáiste a dhéanamh do Chill Michin

Rineadh "damáiste doleigheasta" do lusca stairiúil Chill Michin i lár Bhaile Átha Cliath
Rineadh "damáiste doleigheasta" do lusca stairiúil Chill Michin i lár Bhaile Átha Cliath

Tugadh fear 38 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath tráthnóna inniu agus é cúisithe maidir leis an dóiteán a bhí sa lusca stairiúil i gCill Michin ar Shráid an Teampaill i lár na cathrach inné.

Tá Christian Topiter, a bhfuil dhá sheoladh baile aige, cúisithe i ndamáiste coiriúil a dhéanamh do thaisí daonna ón Meánaois a choinnítear sa lusca agus ar leis an Ard-Deagánach David Pierpoint ó Eaglais na hÉireann iad.

Dúradh sa chúirt gurbh as an Rómáin an cúisí ach thug na Gardaí le fios nach raibh siad iomlán cinnte gurbh é Christian Topiter an fíorainm a bhí air.

Chuir na Gardaí in aghaidh an iarratais ar bhannaí a rinne aturnae Christian Topiter ar a shon ar an mbonn go raibh an cion a bhí curtha ina leith ró-thromchúiseach.

Dar leis an nGarda James Kenny go ndearnadh "damáiste doleigheasta d'iarsmaí stairiúla nach bhféadfaí luach a chur orthu agus a raibh tábhacht náisiúnta leo".

Dúirt an Garda Kenny go bhféadfaí deich mbliana príosúin a ghearradh i gcúirt níos airde ar an té a chiontófaí sa choir.

Dúirt aturnae Christian Topiter, áfach, go raibh a chliant geallta le hÉireannach mná, go raibh sé ag obair mar gharda slándála agus go raibh ceangal suntasach aige leis an tír seo dá bharr sin.

Scaoileadh saor an cúisí ar bhanna €10,000 dá chuid airgid féin agus ordaíodh dó fanacht amach ó Chill Michin; gan aon teagmháil a dhéanamh le daoine a d'fhéadfadh a bheith bainteach leis an gcás; a chuid páipéar taistil a thabhairt ar láimh do na Gardaí; agus gan a bheith ar meisce in áiteanna poiblí.

Tá sé le teacht os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar ar nasc físe an tseachtain seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ