skip to main content

'RTÉ ag cuimhneamh ar €400,000 a íoc le duine amháin'

Cathaoirleach RTÉ Terence O'Rourke
Cathaoirleach RTÉ Terence O'Rourke

Tá sé tugtha le fios ag cathaoirleach RTÉ Terence O'Rourke go bhfuil an eagraíocht ag cuimhneamh ar íocaíocht iomarcaíochta de €400,000 a thabhairt do dhuine amháin.

Tháinig an scéal chun solais agus an cathaoirleach á cheistiú ag an Teachta Dála Brendan Griffin ó Fhine Gael ag éisteacht de Chomhchoiste um Meáin an Oireachtais tráthnóna inniu.

Níor thug Terence O'Rourke aon eolas eile faoin duine a bhí i gceist ach dúirt nach raibh bailchríoch curtha ar an socrú fós.

Dhearbhaigh sé gur cuireadh an próiseas sa siúl roinnt míonna ó shin agus dúirt go raibh a fhios ag Aire na Meán Catherine Martin faoi.

Dúirt Brendan Griffin, áfach, nach mbeadh an pobal róshásta faoi.

"Tuigim é sin", arsa Terence O'Rourke.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ