skip to main content

Beirt le tabhairt os comhair cúirte faoi dhúnmharú póilín i 1975

Robert John McPherson
Robert John McPherson

Tá fhear gafa ag na Gardaí i gCo na Mí agus i gCo Dhún na nGall maidir le dúnmharú comhalta den RUC agus maidir le hiarracht a rinneadh comhghleacaí leis a dhúnmharú i gCo Dhoire beagnach leathchéad bliain ó shin.

73 agus 72 bliain d'aois atá na fir.

Tá an fear 73 bliain á cheistiú faoi dhúnmharú an Chonstábla Robert John McPherson, a bhí 25 bliain d'aois, agus faoi iarracht a dhéanamh póilín eile a dhúnmharú i nDún Geimhin ar an 26 Iúil 1975.

Tá an fear 72 bliain á cheistiú faoi chionta a bhaineann le hairm thine.

Is é an INLA a mharaigh an Constábla McPherson.

Lámhachadh agus maraíodh an Constábla Robert John McPherson i nDún Geimhin i mí Iúil 1975

Gabhadh an bheirt fhear ar bharántas a eisíodh faoin gComhaontú um Thrádáil agus Chomhoibriú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Ceaptar go dtabharfar iad os comhair na hArd-Chúirte níos deireanaí inniu.

Ghabh na póilíní sa Tuaisceart fear eile i nDún Geimhin maidir leis an marú agus tugadh os comhair cúirte inniu freisin.

71 bliain atá seisean.

Deir na póilíní go ndearnadh an cinneadh an triúr fear a chúiseamh sular tháinig feidhm le hacht conspóideach maidir le lorg na coimlinte ó thuaidh i dtús na míosa seo caite.

Faoin reachtaíocht nua sin, ní chuirfear an dlí ar dhaoine má chomhoibríonn siad le coimisiún nua 'athmhuintearais agus faisnéise'.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ