Adhlacadh inniu Nicole Morey, an bhean 23 bliain d'aois a bhásaigh nuair a d'ionsaigh madra í ina teach cónaithe i mBaile an Fhaoitigh i gCo Luimnigh Dé Máirt seo caite, a breithlá.
Ba as na Crosa Geala ar chiumhais thiar theas chathair Luimnigh an bhean óg ó dhúchas agus ba i Séipéal an Teaghlaigh Naofa sa cheantar sin a bhí an tAifreann éagnairce ar maidin inniu.
Tháinig na céadta ann le comhbhrón a dhéanamh le muintir Nicole, Lisa agus Pat, agus lena deichniúr siblíní.
Ina aitheasc, dúirt príomhcheiliúraí an Aifrinn, an tAthair Pat Hogan, gur bean fhial mhánla ab ea Nicole.
Dúirt sé gur tragóid mhillteanach a bhí ina bás agus dúirt chomh maith go raibh alltacht agus uafás ar dhaoine dá bharr.
Gearradh a saol ar dhóigh róbhrúidiúil, arsa sé.
Ina aitheasc féin, dúirt athair Nicole go mothódh daoine go mór uathu í.
Cailín speisialta a bhí inti, a dúirt sé, a dhéanfadh aon rud ar son daoine eile le fonn dá bhféadfadh sí.
Dúirt deirifúr Nicole, Jolene, go raibh craobh ghinealaigh an teaghlaigh briste ag a bás.
I ndiaidh an Aifrinn, cuireadh Nicole Morey i Reilig Chnocán Naomh Oilibhéar sna Crosa Geala.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ