TOGHCHÁIN ÁITIÚLA 2024 510 suíochán líonta: FG (148), FF (130), SF (40), LO (31), DS (13), CG (9), Aon (4), PRB-D (3), NS (113), Eile (19).
Agus os cionn leath na 949 suíochán líonta sna toghcháin áitiúla, tá Fine Gael agus Fianna Fáil bord ar bhord le chéile i gcónaí.
Tá Fine Gael beagáinín chun tosaigh ar Fhianna Fáil ach tá sé fós idir dhá cheann na meá.
Faoi láthair, is sciar 22.8% den vóta atá ag Fine Gael, 22.8% atá ag Fianna Fáil agus 20.8% atá ag iarrthóirí neamhspleácha.
Sciar 11.8% den vóta atá Sinn Féin agus níl coir air sin i gcomórtas leis an 9% a bhí ag an bpáirtí sna toghcháin áitiúla dheireanacha in 2019.
Mar sin féin, toradh "díomách" atá ann, dar le ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, i bhfianaise an 24.5% a fuair an páirtí sin san olltoghchán in 2020, gan trácht ar an tuairim is 30% a tugadh le fios sna pobalbhreitheanna a bhí acu.
Dúirt Mary Lou McDonald go gcaithfeadh Sinn Féin a marana a dhéanamh ar an toradh anois agus teacht ar ais arís.
Mhaígh ceannaire Fhianna Fáil, an Tánaiste Micheál Martin, go raibh an páirtí sin ag cruthú i bhfad níb fhearr ná mar a tuaradh.
Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe ó Fhine Gael, gur chruthaigh na figiúirí nach raibh ré an pháirtí sin caite mar a bhí á mhaíomh ag daoine áirithe.
Rinne Paschal Donohoe file fuar freisin den mhaíomh a bhí ann roimhe seo, dar leis féin, go gcaithfeadh sé go mbeadh Sinn Féin sa chéad rialtas eile.
Dúirt an tAire Airgeadais, Michael McGrath ó Fhianna Fáil, gur léir nach ndearna antoiscigh ón eite dheis an dul chun cinn a tuaradh a dhéanfaidís.
In ainneoin a fheabhas a chruthaigh páirtithe an Rialtais sna toghcháin áitiúila seo, thug an Taoiseach Simon Harris le fios tráthnóna inniu nach raibh aon fhonn air olltoghchán a ghairm roimh an earrach seo chugainn.
D'fhéadfadh sé go bhfuil baint ag an mbraiteoireacht sin leis an líon íseal daoine a chaith vóta arú inné – thart ar 49%, ar ghualainn 62.7% san olltoghchán in 2020.
Mar leis an toghchán Eorpach, tá ceithre fheisire dhéag ó thrí thoghlach le toghadh chun na parlaiminte in Strasbourg.
Caitheadh na vótaí sa toghchán sin in Éirinn arú inné ach níor vótáil daoine i roinnt de bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh go dtí inniu – an Fhrainc agus an Ghearmáin ina measc.
Dealraíonn sé ó na teailithe i dtoghlach Bhaile Átha Cliath go mbuafaidh Barry Andrews ó Fhianna Fáil agus Regina Doherty ó Fhine Gael suíochán an duine.
Ciarán Cuffe ón gComhaontas Glas; Niall Boylan, Neamhspleách; Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre; agus an bheirt Sinn Féineach Daithí Doolan agus Lynn Boylan, sin an cúigear atá san iomaíocht don dá shuíochán eile.
In Éirinn Theas, is cosúil go mbuafaidh Seán Kelly ó Fhine Gael agus Billy Kelleher ó Fhianna Fáil suíochán an duine.
Kathleen Funchion ó Shinn Féin agus Michael McNamara, Neamhspleách, a bhainfeas an rás don dá shuíochán eile, de réir cosúlachta.
I dtoghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt, tuairiscítear go bhfuil ag éirí go maith leis an mbeirt Fhine Gaelach Maria Walsh agus Nina Carberry.
Barry Cowen, Fianna Fáil; Ciarán Mullooly, Éire Neamhspleách; agus Luke 'Ming' Flanagan, Neamhspleách, tá siad ar fad san iomaíocht chomh maith.
Amárach a thosófar ag comhaireamh na vótaí i dtoghchán méarachta Luimnigh.
De réir an teailí is deireanaí, is é an t-iarrthóir neamhspleách John Moran atá chun tosaigh ach tá iarrthóir neamhspleách eile Helen O'Donnell ar a shála.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ