Ionsaíodh agus maraíodh fear sna tríochaidí i bhFionnghlas i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin inniu.
Tuigtear gur sádh an fear i dteach i gceantar Bhaile Scriobail ag thart ar 1 a chlog ar maidin.
Nuair a tháinig na seirbhísí éigeandála ar an láthair, bhí drochbhail ar an bhfear.
Tugadh é chuig Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir ach d'éag sé ann go gairid ina dhiaidh sin.
Tá scrúdú iarbháis le déanamh fós ar chorp an fhir.
Tá dhá láithreán á scrúdú ag Gardaí a bhfuil an marú á fhiosrú acu agus tá oifigeach caidrimh ceaptha acu le tacú le teaghlach an fhir agus le comhairle a chur orthu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ