Tá na seirbhísí tarrthála tar éis teacht ar chorp fir amach ó Charna i gConamara.
Meastar gurb é corp Conor McLoughlin as Luimneach atá ann.
Tá an fear sin ar iarraidh amach ó Oileán Mhic Dara i gCarna i gContae na Gaillimhe ó thráthnóna Déardaoin.
Bhí sé féin agus a bhean chéile ag seoltóireacht nuair a shocraigh siad dul i dtír ar Oileán Mhic Dara.
Tuigtear go ndeachaigh sé i bhfarraige ag iarraidh an dingí nuair a scuabadh chun bealaigh é.
Bhí cuardach mór ar bun inné agus arís inniu.
Bhí an RNLI, an Garda Cósta agus go leor de phobal na háite páirteach ann.